An Dolachán Feasa

69

Dracula - An Leagan Gaeilge

Údar: pmcu
Dáta: 2026-10-17 10:24:59

Aistriúcháin Sheáin Uí Chuirrín

Rinne Seán Ó Cuirrín aistriúchán de Úrscéal Bhram Stoker a foilsíodh in 1933. Foilsíodh an bunleagan Béarla, in 1897, agus céad bliain ina dhiaidh sin, 1997, d'fhoilsigh An Gúm eagrán nua de leagan Gaeilge Uí Chuirrín, a d'ullmhaigh Maolmhaodhóg Ó Ruairc do lucht léitheoireachta an lae inniu. Ba bhreá an eagrán é. Arís, in 2015, d'fhoilsigh An Gúm eagrán eile den leabhar bunaithe ar eagrán Uí Ruairc, agus roinnt athruithe déanta ann. Pilleadh giota ar chanúint Uí Chuirrín, agus cuireadh cuid de na sleachta nach raibh in eagrán Uí Ruairc ar ais. Chuir na hathruithe seo agus athruithe nach iad feabhas nach beag ar an eagrán. Is fiú go mór é a léamh, agus is mór a bhfuil de fhoghlaim Gaeilge agus de shult léitheoireachta atá ar fáil ann.

Tá sé ar inntinn agam, sleachta deasa ó eagrán 2015 a chur ar fáil anseo, mar aon le nótaí míniúcháin thall agus abhus.