An Dolachán Feasa

Foinsí

Údar: pmcu

Dáta: 2026-02-01 17:03:47

Ábhar: Eolas atá ar fáil don fhoghlaimeoir Gaeilge

Leabhair

Tá feabhas mór ag roinnt leis na seanleabhair go fóill. Is é atá i gceist agam, faoi láthair, le seanleabhair, a leithéidí seo:

- Buntús Cainte

- Progress in Irish

- An Lóchrann Úr

- Réchúrsa Gaeilge

- New Irish Grammar

- Graiméar Gaeilge na mBráithre Críostaí

Is leor sin, mar thús. Tiocfaidh muid ar ais chuig leabhair eile amach anseo.

Ní dhéanfaidh tagairt ach don chéad bheirt, inniu: Buntús Cainte agus Progress in Irish. Agus ar mhaithe
le fócas a bheith ann, is ar an chéad cheann, is mó a mbeidh mé ag trácht. San dá leabhar seo, gheofar
dhá rud a chuidíonn go mór le foghlaimeoir: míniú soiléir simplí; agus samplaí.

Buntús Cainte

Roimh dhul a fhad leis an dá rud cuidithe - míniú agus sampaí - is fiú obair na bpictiúr a lua, mar chuid den chuidiú agus mar ghléas insteallta beatha.

Buntús Cainte - Pictiúir

Líníocht lom agus greann inti i gcónaí, is mór a bhfuil de chuidiú ar fáil as sin. An chuid is simplí againn,
nach le pictiúir simplí a oibríonn an-mhórán dár gcuid smaointeoireachta. Ciceáil tóna a buaileadh orainn lá,
agus í tuillte go maith againn, preabann sé ar ais sa cheann mar phictiúr, idir dhuine na bróige, a raibh de
thimpeallacht idir dhúlradh agus mhíompar dhuine na tóna. Is fiú cuid de na buntáistí a lua - iad sin a bhaineann
le pictiúir simplí ghrinn. An té a tchí iad, caitear isteach ar fhód a saoil é, rud a bheir de fhiachadh air
páirt a ghlacadh ina ndrámaí idir eispéireas agus caint - teanga. Aon uair amháin, atá an pictiúr glactha le
ceamra a chinn féin, cuirtear i bprios a chinn iad, áit éigin, ar féidir teacht air feasta mar fheoil chuimhne.
Is mó i bhfad tairbhe na líníochta simplí seo ná ceann ar bith de na híomhánna sofaisticiúla údaí, a chuirtear
ar na milliúin ballaí bréige dúinn sa lá atá inniu ann - dá fheabhas iad.

Buntús Cainte - Míniú

Cuirimis i gcás Buntús Cainte 2. Gheofar míniú ar na chéad leathanaigh ar 'bí',
modh ordaitheach. Ag barr gheofar míniú gairid ghonta i mBéarla ar ghné den
úsáid cheart: bí - ordú a thabhairt do dhuine amháin; bígí - ordú a thabhairt do bheirt/bhaicle.
An té atá go hiomlán i muinín an Bhéarla maidir le tabhairt orduithe, cuirtear iontas ar - b'fhéidir -
an dá leagan sa Ghaeilge, ceann uatha 'bí'; agus ceann iolra 'bígí'. Sin an míniú déanta don
leathanach.

Buntús Cainte - Samplaí

Ar aghaidh linn, sa leabhar chéanna agus ar an leathanach chéanna. Gnáthleagan amach de chuid Buntús Cainte:
pictiúr grinn, taobh leis an chaint atá le cleachtadh, ar tús: comhthéacs saoil in aice le sampla ceart cainte.
Ní beag sin, mar chuidiú.

Ansin, i ndiaidh na bpictiúr, cuirtear samplaí den tseort chéanna in aice le haistriúcháin Bhéarla. Seo an
áit ina mbíonn forbairt a dhéanamh ar an bhun-chaint: céim 2.

Buntús Cainte - Druil

Is gá an Druil chéanna, más maith olc linn í. Agus is deas, gléas simplí a bheith ann lena húsáid. I gcás
Bhuntús Cainte, dhéanfaidh clúdach pictiúir nó clúdach Béarla an jab. Agus an té a dhingfeadh a leithéid
de chleachtadh isteach ina lá foghlamtha, ba thairbheach amach dó, a shaothar.

Progress in Irish

Dhéanfar níos mó pléite ar Progress in Irish san chéad alt eile uainn. Ach is fiú anseo an ceangal idir
é féin agus Buntús Cainte a thabhairt isteach sa mhachnamh. Inmhollta go mór an struchtúr seo dá chuid:
Foghlaim; Léigh; Freagair; Cuir Gaeilge Air.

Progress in Irish Foghlaim

Múinteoir Gaeilge ar bith dár mhair, is beag an t-iontas a dhéanfadh sé de, go dtéitear i gceann
ghnoithe leis an Ainm Bhriathartha. Is é gníomh leanúnach a léiríonn an múnla 'ag x(ainm briathartha)',
agus sin a chéad cheacht - ceacht ramhar, agus ceacht a chumasaíonn tabhairt faoi cuid mhór cainte,
agus gan ach an ceacht sin sa phrios agat. Mar sin féin, cuirtear tús anseo, de dheasca thionchar an
bhéarla, a chuid 'participles' ach go háirithe, cuirtear tús le himeachtaí ar strae. An té nach mbeadh
barraíocht deifre air, áfach, d'fhéadfadh sé fanacht ar an chosán cheart. Beidh comhairle eile faoi
sin ar fáil amach anseo; agus gheofar na sonraí tábhachtach, ach an nasc a leanstan as GBC-2 sa
phríomh-roghachlár.










Graiméar 3

Údar: pmcu

Dáta: 2026-02-01 15:01:20

Ranna Cainte 1

Aidiacht - Adjective

Ceanglaíonn aidiacht cáilíocht de ainmfhocal - an adjective attaches a quality to a noun: cat bán, fear cliste

Samplaí in Abairtí:

Tá cat bán anseo. - A white cat is here.

Briseadh:

a. Tá - briathar/verb

b. cat - ainmfhocal/noun - ábhar cainte/ subject of sentence

c. bán - aidiacht ag cáiliú 'cat' - adjective qualifying 'cat'

d. anseo - dobhriathar áite - predicate - adverb of place

Scéal Amháin 2

Údar: pmcu

Dáta: 2025-12-07 12:10:23

An Boghadóir agus an Leon.

le hAesop

Fear a bhí an-chliste lena bhogha, chuaigh suas i measc na sléibhte a sheilg. Ar
dhruidim dó leis an áit tháinig uamhan mór agus ruathar ar na fiabheithígh go
léir, ach ar an Leon amháin a chuir crot troda air féin. "Stad," ars an boghad-
óir, "agus fan le mo theachtaire; tá rud éigin le rá aige leat."

Leis sin chaith sé saighead leis an Leon, agus ghoin sa chliathán é. Theich an
Leon agus freangaí tinnis air isteach i lár doire, ach ar a fheiceáil do
Shionnach é ag rith, do ghoir air misneach a ghlacadh, agus aghaidh a thabhairt
ar a namhaid.

"Ní dhéanfad," ars an Leon, "ní chuirfidh tú ina luighe orm-sa sin a dhéanamh;
mar má tá an teachtaire a chuireann sé uaidh chómh gonta seo, cad é cumhacht
an té a chuireas uaidh é?"

NÓTAÍ:

Paragraf 1

an-chliste lena bhogha - very skilled with his bow

i measc na sléibhte - amongst(in) the mountains

ar dhruidim do x le y: as x drew near to y

tháinig umhan ar x: terror came on x - x became terrified

tháinig ruathar ar x; a fleeing came on x - x began to flee

ach amháin x : apart from x

chuir x crot troda air féin: x put a fighting stance on himself- x assumed a fighting pose

fan le x: wait for x

tá x le rá ag y; y has x to say.

Paragraf 2

leis sin - with that - with that done/said etc

chaith x y le z: x fired y at z

ghoin x y sa chliathán: x wounded y in the side

theich x: x fled

freangaí tinnis: throbs of pain/ pangs

isteach i lár doire: into an oak grove

ar(iar) fheiceáil do x y: x after x seeing y (é ag rith/ him running)

ghoir x ar y misneach a ghlacadh: x called out to y to take courage

aghaidh a thabhairt ar x: to give face to x - confront x

namhaid: foe/enemy

Paragraf 3

Ní dhéanfad - briathar 'déan' - 1ú pearsa uatha aimsir fháistineach = Ní
dhéanfaidh mé.

arsa x; said/says x

cuirfidh x ina luí ar y z a dhéanamh: x will convince y to do z

mar: comhthéacs - because

má tá x y(aidiacht) - if x is y(aidiacht: mór, beag, etc)

chomh gonta: as wounding

má tá an teachtaire chomh gonta: if the messenger is so wounding

an x a chuireann sé uaidh: the x he sends from him - the messenger he sends

cad é cumhacht an té: - what is the power of the one(person)

a chuireas uaidh é: that sends him - NB. úsáid chliste shoiléir do
fhorainmneacha

--------------------------

Múnlaí:

chuaigh suas i measc na sléibhte briathar + i(réamhfhocal) + alt +
ainmfhocal(gin.iol)

Shiúil sí i measc na gcrann. Sheasaigh sé i measc na n-amadán. Léim siad isteach
i measc na bhfear mór.

Ar dhruidim dó leis an áit Ar(Iar) + ainm briathartha + forainm réamhfhoclach *
dóigh le gníomhaí a cheangal den ainm bhriathartha Ar oscailt an bhosca domh,
chonaic mé an t-ór. Ar thitim isteach sa loch di, thoisigh sí a shnámh go tréan.
Ar theacht isteach ar an doras, d'ardaigh sé a ghunna preáta.

"ní chuirfidh tú ina luí orm sin a dhéanamh" briathar + ainmfhocal(ábhar cainte)
+ ina(i + a aidiacht shealbhach) + luí(ainm briathartha) + forainm réamhfhocal *
corr cainte = x a chur ina luí ar y : iallach a thabhairt ar y glacadh le y mar
rud fíor nó inmhollta.

Chuir sé ina luí uirthi gur dochtúir é. Chuir sé ina luí orm nár ghoid sé an
t-airgead. Cuirfidh sé ina luí ort gan imeacht inniu.

Scéal Amháin 1

Údar: pmcu

Dáta: 2025-12-05 18:52:16

An Bhaintreach agus an Chearc.

Baintreach a bhí ann a raibh cearc aici a rugadh ubh gach maidean. Mhachnaigh
an bhean seo léi féin, "Má dhúblaím cantam eornan mo chirce béarfaidh sí dhá
uair sa lá."

Mar sin de, bhain sí tástáil as a cúinse, agus d'éirigh an Chearc chomh
beathaithe slíocach sin gur stad sí ar fad de bhreith.

Ní i gcónaí thagann áireamh agus áirithe le chéile.

Scéal Amháin

Rud tairbheach faoin scéal is simplí dá mbeadh ann, gur furast múnlaí a
aimsiú ann, agus á n-úsáid mar uirlisí cainte duit féin.

An Bhaintreach agus an Chearc

le hAesop

Múnlaí:

Mhachnaigh an bhean seo léi féin
Briathar + ainmfhocal(ábhar cainte) + le + féin

Níl agat ach an patrún a leanstan:

Mhachnaigh mé liom féin.
Mhachnaigh siad leo féin.

D'éirigh an chearc chomh beathaithe.
Briathar + ainmfhocal(ábhar cainte) + chomh + aidiacht

D'éirigh mé ramhar.
D'éirigh sé chomh ramhar le muc
D'éirigh sé feargach agus chomh dearg le tráta.