Tháinig loscann mór buí-bhreac
aníos as an loch agus shuigh
sé ar an bhruach agus chuir sé fógra amach,
á rá gurbh árd-lia é agus
go raibh leigheas gach galair aige.
Tháinig na h-ainmhithe
go léir fá choinne an leighis.
Bhí an madadh rua ann. D'amharc sé
ar an loscann.
Nuair chonaic sé an t-ainmhí beag
suarach chuir sé drangháire as.
"Airiú greadadh chúgat!" ar seisean,
"má tá an t-eolas úd go léir agat
faoi mar a d'fhógair tú dúinn, nách mór
an t-ionadh nach n-imríonn tu beagán de
ar do chorp bheag féin. Níl duine anseo
inniu is mí-chúmtha ná thu. Agus
cheapfá a chur 'na luí orainn
go bhfuil tú ábalta ar ár ngearánta
go léir do leigheas. Thit
taimse bheag amach domh-sa agus
baineadh an ruball díom.
Shíl mé, nuair a chuala mé an fhógairt
seo uait-se, go mb'fhéidir go
gcurfá ruball ina ionad orm.
Ní fheicim, ámh, go bhfuil ruball
ort féin. Preit! a dhuine,
cá bh'fhios do do leithéid-se
cad é a bhainean le ruball!"
Agus thug sé a chúl air go mí-chéadfach
agus d'imthigh sé.
Do lean an chuid eile é agus iad go bréan
díobh féin.
Béarla
A frog, leaping out of the lake, and taking the advantage of a rising ground, made proclamation to all beasts of the forest, that he was an able physician, and, for curing all manner of distempers, would turn his back to no person living. This discourse, uttered in a parcel of hard cramp words, which nobody understood, made the beasts admire his learning, and give credit to every thing he said. At last, the Fox, who was present, with indignation asked him, how he could have the impudence, with those thin lantern-jaws, that meagre pale phyz, [sic] and blotched spotted body, to set up for one who was able to cure the infirmities of others.
Lesson
Lesson
A person who can not manage his own business, is unlikely to be able manage somebody elses business.
Teagasc
Lesson
A person who can not manage his own business, is unlikely to be able manage somebody elses business.