An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

An Boghadóir agus an Leon

The Archer And The Lion

Gaeilge

Fear a bhí an-chliste lena bhogha, chuaigh sé suas i measc na sléibhte ag fiach. Ar dhruidim dó leis an áit, tháinig uamhan mór agus ruathar ar na fia-bheithigh go léir, ach ar an Leon amháin a chuir crot troda air féin.

"Stad," ars an boghadóir, "agus fan le mo theachtaire; tá rud éigin le rá aige leat."

Leis sin do chaith sé saighead leis an leon, agus ghoin sa chliathán é. Do theich an Leon agus freangaí péine air isteach i lár doire, ach ar a fheiceáil do Shionnach ag rith, do ghair air misneach a ghlacadh, agus aghaidh a thabhairt ar a namhaid.

"Ní dhéanfad," ars an Leon, "ní chuirfidh tú ina luí ormsa sin a dhéanamh; mar má tá an teachtaire a chuireann sé uaidh chómh gonta so, cad é cumhacht an té a chuireas uaidh é?"

An Ceacht
An té ar féidir leis dochar a dhéanamh duit ó áit i bhfad uait, is fearr é a sheachaint.

Béarla

The Archer And The Lion

An Archer went up into the hills to get some sport with his bow, and all the animals fled at the sight of him with the exception of the Lion, who stayed behind and challenged him to fight.

But he shot an arrow at the Lion and hit him, and said, "There, you see what my messenger can do: just you wait a moment and I'll tackle you myself."

The Lion, however, when he felt the sting of the arrow, ran away as fast as his legs could carry him. A fox, who had seen it all happen, said to the Lion, "Come, don't be a coward: why don't you stay and show fight?"

But the Lion replied, "You won't get me to stay, not you: why, when he sends a messenger like that before him, he must himself be a terrible fellow to deal with."

Lesson

Seachnaigh an dream ar féidir leo dochar a dhéanamh duit ó áit i bhfad uait.

Teagasc

Give a wide berth to those who can damage at a distance.