5.10
I gcásanna eile uraítear, de ghnáth, aidiacht aitreabúideach a thagann roimh a
hainmfhocal mar a d'urófaí ainmfhocal:
- seolta na dtrí bhád
- i gcaitheamh na gcúig bliana
- ar an gcéad (chéad) áit
- ár gcéad mhac
- bhur gcúigiú hiníon
- ár dhá gcúigiú [cuid]
- i ngach áit
- i dtrí mhála.
- Ach:
- in dhá áit (chás, sheomra, etc.)
Uraítear céanna sa fhrása
- mar an gcéanna.
Ní uraítear na haidiachtaí sealbhacha do, mo:
- i do chodladh,
- i mo shuí.