6.6
Inscne:
An t-ainmfhocal, an t-alt, an forainm pearsanta, an forainm réamhfhoclach agus
an aidiacht, sin iad na ranna cainte a ngabhann inscne leo.
Ní hionann inscne agus gnéas.
Le nithe beo (daoine, ainmhithe, plandaí) a bhaineann gnéas, ach is focail a
bhíonn i gceist nuair a thráchtar ar inscne.
Tá dhá inscne sa Ghaeilge, baininscne agus firinscne.
De ghnáth freagraíonn focal firinscneach do rud fireann, agus focal
baininscneach do rud baineann, ach ní i gcónaí é.
Focal firinscneach is ea cailín agus focal baininscneach stail agus tá na mílte
focal firinscneach agus baininscneach ann mar ainmneacha ar rudaí gan ghnéas mar
cloch, cosán, sonas, eagla.