6.8
Pearsa:
Foirm tháite an bhriathair, an forainm pearsanta, an forainm réamhfhoclach
agus an aidiacht shealbhach atá i gceist anseo.
Tá trí phearsa ann.
An Chéad Phearsa:
Don chainteoir a thagraíonn an chéad phearsa,
An Dara Pearsa:
don mhuintir a labhraítear leo a thagraíonn an dara pearsa.
An Tríú Pearsa:
An Tríú Pearsa den fhocal a úsáidtear i ngach cás eile.
Freagraíonn tuiseal gairmeach an ainmfhocail don dara pearsa, agus na tuisil
eile don tríú pearsa de ghnáth.
Uaireanta tá brí ghinearálta leis an dara pearsa:
- ba dhóigh leat (= le duine) go bhfuil báisteach air.