7.4
Go hiondúil is ionann uimhir, inscne agus tuiseal don alt agus dá ainmfhocal:
- an fear
- hata an fhir
- na fir
- hataí na bhfear
- feicim an bhean
- gúna na mná
- ar na mná
- gúnaí na mban
- fás na haon oíche
- an dá chapall
- an fiche bó
- hata an dara bean
- teach na chéad mhná.
Ach má luíonn trí, ceithre, ... naoi, deich idir an t-alt agus a ainmfhocal,
úsáidtear iolra an ailt, cibé uimhir atá ag a ainmfhocal mura céad, míle,
milliún é:
- na trí bhó
- na cúig rothar déag.
- Ach
- an trí chéad teach
- an seacht gcéad fear
- an ceithre mhíle dhéag gunna
- an naoi milliún déag is fiche punt.