7.10
Úsáidtear an t-alt nuair atá aidiacht thaispeántach ag cáiliú an ainmfhocail:
- an fear sin
- an leabhar seo
- ciall na mná úd.
- Ach ní hiondúil é a úsáid sa ghairmeach:
- a fhir úd thall! a bhean sin! a ghiolla seo! [Níl aon ghairmeach ag an alt]
- más ainm duine áirithe an t-ainmfhocal:
- le Pádraig seo againne
- Cáit Ní Bhriain úd
- má cháilíonn ainm duine an t-ainmfhocal:
- bríste seo Chiaráin
- scéal úd Liam.