8.1
Is ainm(fhocal) nithiúil ainm duine nó ainm aon ní is féidir a mhothú le haon
cheann de na céadfaí.
Seo na saghsanna ainmneacha nithiúla atá ann:
- ainm dílis (ainm ar leith ar dhuine nó rud indibhidiúil nó ar áit)
- Seán
- Corcaigh
- Bran
- an Lúireach Pádraig
- ainm coitianta (ainm a thugtar ar gach aonad d'aicme)
- fear
- ubh
- cathair
- cat
Is féidir le bunchéim aidiachta feidhmiú mar ghnáth-ainmfhocal:
- ní thuigeann an sách don seang
- ní théann fial go hIfreann.
- Féach freisin
- an t-ochslaíoch,
- an coinníollach,
- an t-iolra,
- an tAtlantach,
etc.
- agus na foirmeacha iolra
- na bochta,
- na huaisle.
- ainm ábhair:
(ainm a insíonn cén t-ábhar atá i rud):
- siúcra
- plúr
- caoireoil
- cnuasainm (ainm a thugtar ar ghrúpa aonad den aicme chéanna)
- tréad
- scuaine
- foireann