An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

8.7

Nuair nach mbíonn focal ar leith ann chuige cuirtear an gnéas in iúl trí
- fear, bean, buachaill, cailín a chur roimh an ainmfhocal:
- fear siúil
- bean tí
- buachaill báire
- cailín aimsire

- fir, mná, mic, iníne a chur mar ghinideach comhaisnéise ar lorg an
ainmfhocail:
- páiste fir
- baintreach fir
- dochtúir mná
- páiste mic
- leanbh iníne

- an réimír ban- a chur roimh ainmfhocal a léiríonn gnéas fireann ann féin:
- banóglach (f)
- banphrionsa (f):
- bantiarna (b).

Féach freisin 8.30.