An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

8.11

Má theastaíonn aithint idir ghnéasanna na n-ainmhithe (cibé acu ceansa nó allta
iad) nuair nach bhfuil ainm ar leith ann chuige, déantar:
- aidiacht a chur leis:
- lao baineann
- sionnach fireann

- ginideach comhaisnéise a úsáid:
- láir asail
- stail asail
- cearc thurcaí
- uan caorach
- uan reithe
- poc gabhair

- múnla éigin eile a úsáid:
- coileach fraoich
- pocfhia
- scadán eochraí (baineann)
- scadán lábáin (fireann)
- fearchat.

Féach freisin 13.20-21.