8.13
Na Díochlaontaí
Is í foirm an ainmnigh uatha foirm bhunaidh an ainmfhocail.
Is í a infhilltear chun na foirmeacha eile a chumadh.
Tá cúig phríomhshlí ann chun ainmfhocail a infhilleadh nó a dhíochlaonadh.
Na cúig dhíochlaonadh a thugtar orthu.
Is é modh infhillte an ghinidigh uatha a chinneann cé acu díochlaonadh a bhfuil
an t-ainmfhocal ann.
Seo foircinn na gcúig dhíochlaonadh san ainmneach uatha agus sa ghinideach
uatha.
uimhir an díochlaonta | foirceann an ain. u. | foirceann an ghin. u.| samplaí
----------------------|-----------------------------------------------------
1 | consan leathan | consan caol | bád, báid
2 | consan | -e, -í | cos, coise
| | | curach, curaí
3 | consan | -a | am, ama
4 guta nó consan | Ní infhilltear | rí, rí |
| | | cailín, cailín
5 | guta nó consan caol | consan leathan | lacha, lachan
| | bráid, brád