An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

8.23

Seo iad na cásanna ina bhfuil an t-iolra lag (an t-ainmneach uatha agus/nó
uimhir an díochlaonta faoi lúibíní):
- más consan caol is críoch don ainmneach iolra:
- báid (bád, 1)
- marcaigh (marcach, 1)
- tairbh (tarbh 1)
- caoirigh (caora, 5)
- faochain (faocha, 5)
- lachain (lacha, 5)
- má chumtar an t-ainmneach iolra trí -a a chur leis an ainmneach uatha:
- bruasa (1)
- úlla (1)
- cosa (2)
- géaga (2)
- fearta (3)
- tréada (3)
- bruacha (4)
- neacha (4).

Is lagiolraí freisin
- beanna (binn, 2)
- deora (deoir, 2)
- ealaíona (ealaín, 2)
- seoda(seoid, 2)
- ainimhe (ainimh, 2)
- dúile (dúil, 2)
- glúine (glúin, 2)
- súile (súil, 2)
- ba (bó, 4)
- grásta (grásta, 4)
- mná (bean)
- uí (ua, ó).