8.29
Is iondúil gurb í an mhír dheireanach d'ainmfhocal díorthaithe a chinneann a
inscne agus a infhilleadh.
Is ionaann inscne agus infhilleadh do gach focal de na péirí seo a leanas:
- caint, cúlchaint
- leabhar, lámhleabhar
- prionsa, banphrionsa
- reacht, bunreacht
- cara, eascara
- rá, comhrá
- smacht, ansmacht
- céimí, ionadaí
- dlíodóir,
- spealadóir
Ní gnách samplaí d'ainmfhocail dhíorthaithe a thabhairt sna liostaí a ghabhann
leis na díochlaontaí éagsúla, ach amháin nuair a bhíonn iarmhír mar fhoirceann
(céimí, etc. thuas).
Más ainmfhocal aonsiollach an mhír dheireanach d'ainmfhocal díorthaithe ní mór
an focal iomlán a infhilleadh mar a bheadh aonsiolla ann.
Mar shampla, is mar aonsiollaí a infhilltear ardrí, drochspéir, léarscáil,
sailchuach, seandún.
Ní thagann focail mar sin faoi réir na rialacha a bhaineann le hinscne agus le
hinfhilleadh ilsiollaí de ghnáth.