An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

8.37
An Tríú Díochlaonadh

Is iondúil go ndeilbhítear an ginideach uatha ón ainmneach uatha trí -a a chur
leis (arna leathnú de réir rialacha 6.3 más gá sin).

Lena chois sin is gnách go ndéantar -ea- de -io- in aonsiollaí.

Tá sé le tuiscint gur baininscneach na hainmfhocail a leanann na huimhreacha 2,
3, 4, 6, 7, 8, 10 agus gur firinscneach na cinn eile mura gcuirtear a mhalairt
in iúl.

Is iad seo a leanas na príomh-infhillteacha:
ain. u. gin. u. ain. iol. gin. iol.
1 tréad tréada tréada tréad
2 muir mara mara
3 feadhain feadhna feadhna
4 léacht léachta léachtaí
5 bádóir bádóra bádóirí
6 canúint canúna canúintí
7 bagairt bagartha bagairtí
8 barúil barúla barúlacha
9 ceacht ceachta ceachtanna
10 cuid coda codanna

I ngach ceann de na deich liosta seo a leanas, infhilltear gach focal mar a
infhilltear an focal a bhfuil cló trom air ag barr an liosta:

1 tréad
- altram,
- aos,
- béas,
- coinsias,
- Connachta (iol.),
- cuibheas,
- díol,
- dol,
- dreach,
- dreas,
- éad,
- éag,
- feart,
- flosc,
- fuath,
- gean,
- gréas,
- gus,
- leas,
- meath,
- rath,
- ráth (urra),
- snámh,
- sníomh,
- suth,
- tál,
- teas,
- tost,
- treas.

- Níl aon uatha ag Connachta:
- i gConnachta, Cúige Chonnacht.

2 muir
- bith (f),
- cóir (ceart),
- cuaird (féach Cúirt Chuarda),
- flaith (f),
- fothain,
- luaith,
- mil,
- síocháin,
- toil.
- ilsiollaí baininscneacha atá ar aon fhoirm le hainmneacha briathartha dar
críoch -ain, -áin, -aint, agus corrcheann eile:
- argain,
- cantain,
- foluain,
- eadráin,
- cosaint,
- etc.:
- foghlaim,
- seinm.

3 feadhain
- diachair,
- dúluachair,
- Eoraip,
- gamhain (f),
- macasamhail.

4 léacht
- brúcht (f),
- dréacht (f),
- drúcht (f),
- éacht (f),
- lucht (f) (lasta),
- smacht (f),
- aíocht,
- bleacht,
- créacht,
- cruacht,
- cumhacht,
- liacht,
- ócht,
- ríocht,
- saíocht,
- teocht
- comhlacht (f),
- complacht (f),
- gnólacht (f),
- imeacht (f)

- mórán ilsiollaí baininscneacha dar críoch -cht:
- bantracht,
- cáilíocht,
- gluaiseacht,
- mallacht,

- ab (f),
- Cáisc,
- cearn,
- dáil,
- eang (f),
- íoc (f) (díol),
- máistreás,
- maitheas,
- mionn (f),
- rámh (f),
- rás (f),
- riast (f),
- roth (f),
- rud (f).

- focail atá ar aon fhoirm le hainmneacha briathartha dar críoch -chan:
- athnuachan,
- buachan,
- Eisceacht:
- maidneachan,
- atá sa chéad díochlaonadh.

5 bádóir:
ilsiollaí firinscneacha dar críoch -aeir:
- éir,
- eoir,
- óir,
- úir: grósaeir,
- siúinéir,
- feirmeoir,
- uaireadóir,
- dochtúir,
- etc: agus corrfhocal eile: altóir (b),
- seanmóir (b),
- buachaill,
- Diarmaid,
- rith,
- toirbhirt (b).

6 canúint:
focail dar críoch -áint -úint agus corrfhocal eile:
- taispeáint,
- tiomáint,
- leanúint,
- oiliúint,
- tairiscint,
- tuiscint.

7 bagairt
- ilsiollaí atá ar aon fhoirm le hainmneacha briathartha dar críoch -irt:
- coscairt,
- íobairt,

8 barúil:
ilsiollaí dar críoch -áil, -íl-, -úil agus corrfhocal eile:
- admháil,
- comhdháil,
- feadaíl,
- deachúil, etc.
- éagóir,
- fíniúin,
- foghail,
- onóir,
- úim.

9 ceacht:
- acht,
- dleacht (b),
- feacht,
- leacht (gach brí),
- locht,
- neacht (b),
- racht,
- reacht,
- slad,
- tocht,
- uacht (b),
- ucht
- áth,
- bláth,
- both (b),
- cruth,
- dath,
- fáth,
- guth,
- ráth (b),
- ráth (lios),
- scoth (b),
- snáth,
- sruth,
- tráth (iol.-anna -a i bhfrásaí mar i dtrátha a trí a chlog),
- úth
- am,
- bladhm (b),
- cead,
- cíos,
- cnead (b),
- dream,
- drol,
- eas,
- gruth,
- loch,
- luach,
- lus,
- mám (f
- bearnas),
- mám (b
- lán láimhe),
- meas,
- modh,
- rang,
- ros (ceann tíre),
- scread (b),
- seal,
- seam,
- seas,
- slám,
- smeach,
- sos,
- taom.

10 cuid
- cith (f),
- crith (f),
- droim (f),
- fuil,
- greim (f),
- uaim.