8.42
Mura bhfuil a mhalairt curtha in iúl is baininscneach na hainmfhocail. Is iad
seo a leanas na príomh-infhillteacha.
ain. u. gin. u. iol.
1 beoir beorach beoracha
2 cabhail cabhlach cabhlacha
3 cuingir cuingreach cuingreacha
4 ceathrú ceathrún ceathrúna
5 tríocha (f) tríochad tríochaidí
I ngach ceann de na cúig liosta seo a leanas infhilltear gach focal mar a
infhilltear an focal a bhfuil cló trom air ag barr an liosta:
1 beoir
- cáin,
- céir,
- coróin,
- craein,
- cráin,
- cúil,
- dair,
- draein,
- gráin,
- inneoin,
- láir,
- riail,
- stiúir,
- traein,
- treoir,
- triail
- cabhail
- cabhair,
- carcair,
- cathair,
- cealtair,
- cosair,
- easair,
- eochair,
- lasair,
- meabhair,
- nathair,
- saltair,
- siocair,
- srathair
- cuingir
- ithir,
- litir,
- loinnir,
- mainistir,
- oitir,
- uimhir
- ceathrú
- céimseata,
- comharsa,
- deachú,
- dearna,
- monarcha,
- pearsa
- tríocha
- caoga,
- seasca,
- seachtó,
- ochtó,
- nócha.
Ainmfhocail eile:
fiche (f), -ad, fichidí nó fichid (9.4)
- tabh. uatha leithleach
- fichid sa fhrása ar fhichid.
- Samplaí d'úsáid an fhocail fiche:
- ar fhiche punt
- spás fiche lá
- costas (an) fiche bó
- leis an bhfiche fear
- trí leabhar fichead (ar fhichid, is fiche)
- trí cinn fhichead
- an seachtú lá fichead
- tá sé sna fichidí
- tá sé na ceithre fichid.
- caora, -ch, caoirigh, -ch, a chaoracha (gair. iol.)
- casla, -ch, -cha
- cátaoir, -each
- cathaoir, -each, -eacha
- eiscir, eascrach, eascracha
- fóir (imeall), -each, -eacha
- láthair, láithreach, láithreacha
- tiníl, -each, -eacha
- araí, -on, -onacha
- díle, -ann, dílí
- ealta, -n, -í
- Éire, -ann, Éirinn (tabh.)
- ionga, -n, ingne
- leite, -an, leití
- meanma, -n, meanmna
- faocha, -n, -in, -n
- lacha, -n, -in, -n
- abhainn, abhann, aibhneacha
- Albain, Alban
- Árainn, Árann
- athair (f), athar, aithreacha
- bráid, brád, -e
- bráthair (f), bráthar, bráithre
- cara (f), -d, cairde
- deartháir (f), dearthár, -eacha
- máthair, máthar, máithreacha
- Mumhain, Mumhan
- namhaid (f) namhad, naimhde
- Nollaig, Nollag, -í
- teorainn, teorann, -eacha.
Is iolraí laga gan foirm uatha Laighin, Ulaidh. Ní úsáidtear na foirmeacha
Laighin, Ulaidh, Laighnibh, Ultaibh, ná an seanuatha Mumha sa ghnáthchaint
anois:
- Cúige Laighean (Uladh, Mumhan)
- ag imirt do Chúige Laighean
- muintir Laighean,
- etc. is mó a deirtear. Deirtear freisin an (den, don, sa) Mhumhain.