An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

9.1
Uimhir an Ainmfhocail

Úsáidtear uimhir uatha an ainmfhocail, cibé acu ainmfhocal uimhriúil é nó a
mhalairt:
- más brí uatha atá leis:
- mo shrón (bhéal, chiall)
- aon chapall (bhó, bhád) amháin
- gach bean
- an uile dhuine
- cibé uair a tháinig sé
- níl aon phingin agam
- shlánaigh sé an céad anuraidh.

Ar lorg cibé, aon (aidiacht éiginnte) úsáidtear an t-iolra freisin:
- bailigh cibé uirlisí atá agat
- níl aon phinginí agam.

- ar lorg na n-aidiachtaí sealbhacha iolra ár, bhur, a, nuair nach bhfuil ach
ceann amháin de na rudaí dá dtagraíonn an aidiacht ag gach duine (rud) atá i
gceist:
- beidh Íosa inár gcroí
- ar a n-aigne
- fágadh na báid ar a mbéal fúthu
- bhí na saighdiúirí ina luí ar a mbéal is ar a n-aghaidh

- agus i bhfrásaí mar:
- ar a gcoiscéim
- ar ár gcois

- Deirtear fosta inár gcroíthe.
- ar lorg uimhreacha ainmfhoclacha seachas uimhreacha pearsanta (féach 9.2 ):
- fiche slí
- ochtó troigh
- céad bliain
- na mílte fáilte
- cúpla caora
- tríocha míle de na fir

- ar lorg aon, dhá:
- aon bhróg déag
- dhá bhliain is fiche
- céad seachtó is dhá theach aon mhíle dhéag
- dhá chéad.

- ar lorg trí, ceithre, ... deich:
- trí leabhar
- ceithre roth is fiche
- féar céad fiche is cúig bhó
- cúig chéad
- sé mhíle.