An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

9.4

Úsáidtear an t-iolra le huimhreacha aidiachtacha i gcás ceann (= aonad),
cloigeann, orlach, troigh, slat (ar fad):
- trí cinn
- ceithre cloigne
- cúig horlaí ar airde
- sé troithe ar fad
- seacht slata de rópa
- agus iolra leithleach i gcás uair, seachtain, bliain, pingin, scilling, fiche:
- trí huaire
- naoi n-uaire déag
- sé seachtaine
- seacht mbliana is daichead
- naoi bpingine (scillinge) an ceann
- tá na trí fichid slán aige.

An t-uatha a úsáidtear i gcás ceann, cloigeann (ball beatha):
- bhí trí cheann (chloigeann) ar an bhfathach
- agus i gcás slat a fhásann:
- ceithre shlat sailí.