An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Ceacht

1.2

Is mar a chéile fuaimniú ainmneacha na ngutaí agus fuaimniú na ngutaí fada
de ghnáth.

Má tá síneadh ar litir ghutach, is mar seo is gnách í a ainmniú sa chaint: á-"a
fada" é-"e fada" - etc.

Má tá sí gan síneadh, "a gairid", "e gairid", etc. a deirtear.

Nuair atáthar ag litriú focail os ard, áfach, is minic a fhuaimnítear fada nó
gairid ainm an ghuta de réir mar atá síneadh air nó nach bhfuil, gan na focail
fada, gairid a úsáid.