An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

9.13

Is minic a léirítear gaol le ceann de na réamhfhocail le, do + an tabharthach:
- deartháir do Sheosamh (le Seosamh)
- uncail dóibh
- iníon leis. Féach 12.10.

Tabhair faoi deara na difríochtaí brí idir:
- mo mhac
- mac dom (duine de mo mhic)
- iníon mo mhic
- iníon le mo mhac
- iníon mic dom
- iníon le mac dom.