An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

9.36

Is minic freisin nach n-úsáidtear an ginideach:
- ar ainmfhocal (gan an t-alt) roimh ghinideach éiginnte, go háirithe ar lorg
réamhfhocail chomhshuite:
- airgead a chlann mhac
- an oiread fonn eolais
- saghas slí bheatha
- faoi choinne clocha duirlinge
- os cionn beochán beag tine
- i ndiaidh am paidrín
- de bharr maidin sheaca.

- Ach is minic fosta a infhilltear:
- fear tí solais.

- tar éis réamhfhocail chomhshuite nó a chothrom nuair atá ainmfhocal éiginnte á
cháiliú ag aidiacht nó ag frása aidiachtach nó ag clásal:

- d'ainneoin aon athrú ar an aimsir
- i gcás aon cheist eile mar sin
- d'ainneoin conradh ar bith dá mhalairt
- i dteannta aon airgead is iníoctha
- de dheasca tionóisc a tharla
- i gcás mórán frásaí éagsúla:
- de bharr cur i gcéill
- an iomad dul chun cinn
- timpeall mí ó shin
- ag tabhairt aghaidh ar (tosach do, cúl le, etc.). Féach 24.3.