An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

9.51

Ach má tá an ginideach cinnte agus gur do cheann amháin de bhaill an téarma nó
do chuid acu is mian tagairt is gnách ceann de na múnlaí seo a leanas a úsáid:
- ceann de chosa na cathaoireach
- trí cinn d'fhuinneoga an tseomra
- ceann amháin de chosa tosaigh an chapaill
- dhá cheann de shleasa an triantáin
- cúig cinn d'aghaidheanna an chiúib
- dhá shlios de chuid an triantáin
- fiche focal de chuid an dara díochlaonadh
- dán de chuid Chéitinn
- trí dhán dá chuid.