9.54
Nuair a chuirtear le taobh a chéile dhá ainmfhocal (nó a gcothrom) a thagraíonn
don rud céanna agus go míníonn ceann acu an ceann eile deirtear go bhfuil siad i
gcomhaisnéis le chéile:
- Pól aspal
- Tadhg gabha
- an tAthair Seán
- Bébhionn banlia
- an Bhanríon Máire.
-Ach
- an Mhaighdean Mhuire.
- Séimhítear Muire ar lorg M(h)aighdean, agus Máthair ar lorg M(h)uire:
- sin í an Mhaighdean Mhuire
- ar an M(h)aighdean Mhuire
- a Mhaighdean Mhuire
- chonacthas (ag) Muire Mháthair
- a Mhuire Mháthair.
- Ach
- cumhacht na Maighdine Muire.