9.57
Bíonn an dara focal san ainmneach
más teideal agus ainm pearsanta [+ sloinne] atá ann:
- seo isteach an Bráthair Tomás [Ó Néill]
- ar an mBráthair Tomás [Ó Néill]
- paidrín an Bhráthar Tomás [Ó Néill]
- fáilte romhat, a Bhráthair Tomás [Ó Néill]
- más ainm pearsanta agus ainmfhocal coitianta atá ann:
- tiocfaidh Peadar fíodóir
- le Peadar fíodóir
- bean Pheadair fíodóir
- beir bua, a Pheadair fíodóir
- leabhar Sheáin, mac an dochtúra
- airgead Thomáis, an fear a thug an t-eolas
- má tá clásal nó frása nó ainm briathartha ann thar ceann an chéad ainmfhocail:
- tháinig sé, ní nach ionadh
- mhol mé dó an teach a dhíol, rud a rinne sé
- abair leis teacht, rud a dhéanfaidh sé.