9.60
An tabharthach ar lorg de mar atá i gceist in 9.59, baintear feidhm as go minic
ar lorg na bhfocal leithéid, malairt, athrach.
Uaireanta eile nach mbaintear.
- Leithéid + ginideach cinnte + (uaireanta) tabharthach éiginnte.
Is féidir aidiacht shealbhach a úsáid thar ceann an ainmfhocail ghinidigh mar is
gnách:
- leithéid Mháire de rinceoir
- mo leithéidse de chearrbhach
- a leithéid (sin) de dhuine
- leithéidí do dheartháireacha de pheileadóirí
- ní fhaca mé a leithéidí de gharsúin riamh
- ár leithéidí
- is iomaí do leithéid a chabhródh liom
- ná creid a leithéid
- níor ghéill sé riamh dá leithéid
- ainmhithe leithéid an leoin nó an tíogair.
Is é an t-iolra, leithéidí, a úsáidtear más san iolra atá an ginideach nó an
aidiacht shealbhach.
- Seo na múnlaí is coitianta ina n-úsáidtear na focail malairt, athrach:
- aidiacht shealbhach (an tríú pearsa, firinscneach, uatha) + malairt (athrach)
+ tabharthach éiginnte:
- a mhalairt sin de bhó
- ar a athrach de dhóigh
- malairt (athrach) + ginideach éiginnte (nó aidiacht shealbhach):
- chuaigh sí malairt bóthair
- ní phósfainn a malairt
- faigh athrach éadaí
- ní thuigim a athrach
- fear mo mhalairte.