10.5
Ainmfhocal neamhrialta is ea Ó (garmhac) darb infhilleadh Ó, Uí, Uí, Ó, Uíbh
(tabh. iol.).
Níl na foirmeacha iolra in úsáid anois ach i logainmneacha, agus is minic foirm
an tabharthaigh iolra á húsáid i dtuiseal ar bith.
Tagann urú ar lorg Ó (gin. iol.).
Úsáidtear Ua (8.43) in ionad Ó uaireanta:
- Uíbh Eachach
- Mainistir Ó dTorna
- muintir Uíbh Ráthach.
Is iad Ní, Nic na foirmeacha a úsáidtear i sloinnte na mban in ionad Ó, Mac.
Scríobhtar Mag, Mhig, Nig, in ionad Mac, Mhic, Nic i gcuid de na sloinnte.
Séimhítear ar lorg Uí, Mhic, Mhig, Ní, Nic, Nig, agus i gcás sloinnte áirithe,
ar lorg Mac, Mag.
Ach féach 4.26.