10.12
Sloinnte gan ainm pearsanta ba ea na teidil a bhíodh ar na taoisigh chine fadó:
- Ó Néill
- Ó Conchúir Donn
- Mac Diarmada.
Mise Ó Néill a scríobhadh Seán Ó Néill ag bun litreach.
Leantar den ghnás sin faoi láthair ag tagairt do dhaoine cáiliúla: Ó Conaill in
ionad Dónall Ó Conaill.