An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

11.6

Is minic a chuirtear an mhír go roimh bhunchéim na haidiachta faisnéisí, go
háirithe i gcás cúrsaí aimsire nó sláinte:
- tá mé go maith
- bhí an aimsir go holc (go hálainn)
- tá an solas go dona
- bhí an lá [go] maith.
- Ach
- tá sé cliste (macánta, etc.).

Ní chuirtear go roimh aidiachtaí
- nach gcumtar dobhriathra leo:
- an bhfuil sé fuar (te, dorcha)?
- ar lorg na copaile:
- is álainn an lá é
- a ngabhann ró- leo:
- níl sé ró-iontach
- atá á gcáiliú ag dobhriathar:
- bheidís dona go leor
- tá sé iontach maith.