11.8
Roimh an ainmfhocal a chuirtear an aidiacht shealbhach, an aidiacht uimhriúil
(de ghnáth), an aidiacht cheisteach agus an aidiacht intriachtúil:
- mo leabhar
- trí phunt
- cén fear?
- cá háit?
- cén ealaín í!
- cá hiontas é!
Roimhe freisin a chuirtear na haidiachtaí seo a leanas:
- aon,
- cibé,
- gach,
- gach re,
- uile (= gach):
- níl aon chiall agat
- cibé duine a bhí ann
- an uile áit
- gach uile rud.