11.13
Aidiachtaí nach gcoimrítear:
ain. u. gin. u.f. gin. u.b. ain. iol.
1 bán báin báine báine bána
2 mall mall maille malla
3 díreach dírigh dírí díreacha
4 bacach bacaigh bacaí bacacha
5 buíoch buíoch buíche buíocha
6 gnách gnách gnáiche gnácha
7 maith maith maithe maithe
8 leisciúil leisciúil leisciúla leisciúla
I ngach ceann de na hocht liosta seo a leanas díochlaontar gach aidiacht mar a
dhíochlaontar an aidiacht a bhfuil cló trom uirthi ag barr an liosta.
1 bán
- aidiachtaí dar críoch -far, -mh[e]ar:
- lúfar,
- grámhar.
- formhór na n-aidiachtaí eile gan choimriú dar críoch consan leathan agus
nach bhfuil i gceist in 11.13 (2-6):
- beag, g.f. big
- deas, g.f. deis (malairt clé)
- ard,
- géar, g.f. géir
- críon, g.f. crín
- mion, g.f. min
- bocht,
- bog,
- borb,
- caol,
- dall,
- dearg,
- donn,
- dubh,
- fireann,
- fuar,
- glas,
- gorm,
- liath,
- marbh,
- mór,
- toll,
- úr
2 mall
- aidiachtaí aonsiollacha a bhformhór:
- amh,
- caoch,
- corr,
- cúng,
- déach,
- deas (taitneamhach),
- docht,
- fann,
- faon,
- fliuch (gin.u.b. fliche),
- gann,
- leamh,
- leasc,
- mear,
- moch,
- nocht,
- seang,
- searbh,
- seasc,
- teann,
- tearc,
- tiubh (gin.u.b. tibhe),
- trom,
- tur
3 - díreach aidiachtaí dar críoch -each:
- aireach,
- tuirseach,
4 bacach
- aidiachtaí dar críoch -ach ar lorg consain:
- áthasach,
- dubhach,
- feargach,
- gnóthach,
- riabhach,
- subhach
5 buíoch aidiachtaí dar críoch -íoch:
- díomuíoch,
- eolaíoch,
- faíoch,
- imníoch,
- lagbhríoch,
- taithíoch,
- tromchroíoch
6 gnách
- aidiachtaí dar críoch -ch ar lorg guta fhada leathain:
- atruach,
- buach,
- díomách,
- díomúch,
- gleoch,
- lách,
- sách,
- spleách,
- sóch
7 maith
- formhór na n-aidachtaí dar críoch consan caol ach amháin cinn dar críoch úil
agus corrcheann dar críoch -ir:
- comair,
- fiáin,
- glic,
- mín,
- réidh,
- seascair,
- séimh,
- tinn,
- tirim
8 leisciúil
- cóir agus focail dar críoch -úil:
- banúil,
- fearúil,
- magúil,