An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Ceacht

1.28

Seo achoimre ar na cásanna is coitianta ina bhfaightear na consain éagsúla mar
aon le corrleid faoina bhfuaimniú.

Bíonn téada an ghutha ag crith le linn consan glórach a dhéanamh. Ní bhíonn le
linn consan análach a dhéanamh. (i) p, b, m (glórach agus análach): leathan (Na
bruasa a bhrú amach)16

- poll, pláta, cupán, cúpla, alp, lúbtha, scríobfainn
- bó, baol, buí, ábalta, gob, i bpluais, go bpósfá, a bpáiste
- mór, seomra, amú, cam, i mbád, bhur mbó
- cumtha, iomthús, chamfainn

(ii) p, b, m (glórach agus análach): caol (Na bruasa a theannadh isteach)

- píosa, plé, cipín, scaip, teipthe, scaipfeadh
- bí, beo, b'fhiú, bris, ribe, píb, a bpící, go bpléinn
- mí, meán, cime, imní, suim, a mbeo, ár mbia
- snaidhmthe, léimfimid, timthriall

(iii) t, d, n
(glórach agus análach),
l
(glórach agus análach),
s
leathan (An teanga a bhrú i gcoinne na bhfiacla uachtair):
- tú, tuí, trá, geata, mart, d'atfadh, féadfaidh, stadta, an tslat
- dó, draoi, údar, ard, úd, go dtaga, i dtalamh
- nua, cnó, mná, gnúis, tnúth, a ngnó, anois, annamh, anró, ann, go ndúna
- breathnú, dúnfaimid, teannfaidh, thnáith, shnámh
- lú, lón, fola, allas, alt, anall, poll
- molfaidh, mo thlú, do shlat, dúshlán, meathlaím, gheallfainn
- suí, sféar, speal, sméar, asal, ospidéal, cos, chasfaidís

(iv) t, d, n
(glórach agus análach),
l
(glórach agus análach),
s caol (An teanga a bhrú i gcoinne na bhfiacla uachtair agus an charbaill)
- téim, teo, an tslí, ite, séidte, loitfidh, ghoidfidís
- deo, di, oideas, goid, go dtí, a dteach
- níl, cneas, gné, i ngníomh, inné, duine, inti, roinn, slí an eolais

(1.22 n),
- go ndíolann,
- a ndícheall
- bainfidh, roinnfinn, shníomh, aithne
- léim, uillinn, bhuailtí, míle, moill, bhuail
- buailfidh, fillfimid, mo shleán, meithleacha
- sí, íseal, taispeáin, anois, bhrisfinn, is é (1.22 n), os cionn (1.22 n)

(v) r
(glórach agus análach):
- leathan (Crith teanga bríomhar a dhéanamh)

Consan leathan is ea r i dtosach focail roimh e, i, é, í mura bhfuil focal
roimhe a shéimhíonn agus dar críoch litir nach d, l, n, r, s, t.

Féach freisin 1.20.

- rás, arán, dháréag, cearr, bearna, gort, Béarla,
cara, ór, cairde, comhairle, airne, bairr, tuirse,17

- Máirt, rí, cara an rí, ré, don ré, reacht, reoite, aréir
- curtha, gearrtha, throid, a shrón, cathracha, parthas, ghearrfainn,
scarfaidís

(vi) r (glórach agus análach)caol (An teanga a bheith ag cuimilt i gcoinne an
charbaill):
- aire, airc, arís, óir, cuireadh, roimh ré, de réir, mo rí, athrí
- chuirfinn, a thrian, do shrian, aithrí

(vii) c, g, ng
(glórach agus análach):
leathan (Cúl na teanga a bhrú i gcoinne an choguais):
- cú, peaca, bac, íoctha, leagtha, bhacfainn, bhogfainn
- gual, Gael, guí, eagla, díog, i gcaoi, ár gcú
- ár nguí, na nGael, longa, seang, banc, splanc
- seangtha

(viii) c, g, ng

(glórach agus análach): caol (Lár na teanga a bhrú i gcoinne an charbaill):
- cé, aici, minic, feicthe, ligthe, tréigfidh, loicfinn
- gé, aige, ligim, teilg, ár gcead, i gcéin
- pingin, moing, ár ngé, rince, an Fhrainc
- lingfinn, dingthe

(ix) f, v:
leathan (Na bruasa a bhrú amach iad a theagmháil le chéile gan na fiacla
uachtair a theagmháil leis an mbruas íochtair):
- fan, grafaim, scríobhfainn, ríomhfaidh, mo phóca, leathphunt
- bhain, bhrúigh, amháin, grámhar, tarbh, brobh, amh, leathbháite, neamh,
talamh, gaineamh, an bhfásann, vóta

(x) f, v:
caol (Na bruasa a theannadh isteach iad a theagmháil le chéile gan na fiacla
uachtair a theagmháil leis an mbruas íochtair):
- feo, foirfe, d'ibhfinn, mo phionta, leathphingin
- bhí, mheáigh, deimhin, luibheanna, naimhde, deilbh, nimh, athbhliain, go
bhfios, veidhlín

(xi) ch, gh:
leathan (cúl na teanga a chuimilt i gcoinne an choguais):
- chomh, achar, sceach, boicht (1.20), beaichte (1.20), smachtín (1.20), athchur
- (i gcanúintí áirithe) moladh é, mholfadh sé, ceannaíodh, crádh, etc.
- dhá, ghoid, comhdháil, idirghuí, athghairm

(xii) ch, gh:
caol (lár na teanga a chuimilt i gcoinne an charbaill):

- chéas, droichead, díchéillí, braich, athcheangal, shiúil, Sheáin, Sheoirse, a
shiúr 18

Tá dhá fhuaim éagsúla ag sh (mar atá, h nó ch) i dtosach focail roimh ghuta
caol.

- gheofá, gheit, dhíolamar, dodhéanta, soghearrtha

(xiii) h: Níl leithne ná caoile i gceist:
- hata, mahagaine, cúlhalla, thit, thuas, ithe, rath, cith, thiocfainn
- léifidh, léifimid, léifinn, léifeadh, léifimis, léifidís, cheana
(dobhriathar), shíl, sheas, Shéamais, foshuíomh, athuair, leathfhocal,
gnátharm.