11.21
Is féidir a lán de na haidiachtaí tuairisciúla agus corraidiacht eile a tháthú
le focal eile chun comhfhocal a dhéanamh.
An riail a tugadh (8.29) i dtaobh infhilleadh ainmfhocail dhíorthaithe tagann
aidiachtaí díorthaithe faoina réir freisin.
Is é sin, má tá aidiacht sa mhír dheireanach is í an aidiacht sin a chinneann an
t-infhilleadh:
- hata na mná fionnrua
- boladh an róis bhándeirg
- na rósanna bándearga.
Ní inhilltear mír aidiachtach nach foirceann focail:
- mórfhiosrú
- toradh an mhórfhiosraithe.
Is minic brí ar leith ag aidiacht i gcomhfhocal:
- corrdhuine (duine ansiúd agus anseo),
- ach
- duine corr (duine aisteach)
- ardfhear (fear an-mhaith),
- ach
- fear ard (fear a mbeadh airde mhór ann).