An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

11.39
An Chéim Chothroim
Sa chéim chothroim cuirtear in iúl go bhfuil cáilíocht áirithe ar aon chéim ag
beirt.

Is iad seo a leanas na múnlaí is coitianta:
- chomh + bunchéim aidiachta + le (nó agus + clásal coibhneasta):
- tá Sorcha chomh cliste le Róise
- tá sé ina bhádóir chomh héifeachtach leatsa
- (nó tá sé chomh maith de bhádóir leatsa)
- níl Máirtín chomh cliste is a cheapann a mháthair.
Agus in intriachtaí:
- órú chomh beag leis!
- ó chomh dóighiúil leat, a Mháire!

- chomh + bunchéim aidiachta + seo (sin, siúd):
- an raibh sé chomh cliste sin?
- tá sé chomh fada seo go díreach
- ní raibh sé chomh beag siúd.

Úsáidtear an fhoirm bhreischéime túisce fosta:
- chomh túisce leat (sin).
- an t-ainmfhocal cómhaith (= comh + maith) etc.:
- ní raibh a chómhaith de chainteoir sa tír
- a chomhfhad de bhata
- ar cóimhéid atá siad
- an aidiacht comhionann, etc.:
- tá siad comhionann (comhard, comhairde, comhraimhre, comhaois)
- in + ginideach ainmfhocail (ag feidhmiú mar aidiacht, 19.11)
- níl sí incheoil lena máthair
- ní raibh aon fhear in Éirinn lena linn inchamáin le Críostóir
- níl aon áit eile sa tír inchaoireola leis an áit seo.

Féach freisin 33.6-7.