12.12
AN CODÁN
Úsáidtear foirmeacha na n-orduimhreacha i gcóras na gcodán ach amháin chéad,
dara.
Féadann siad bheith cinnte nó éiginnte. Seo an córas:
- 1/2(leath)
- 1/3 (trian)
- 2/3 (dhá ihrian)
- 1/4 (ceathrú)
- 3/4 (trí cheathrú)
- 2/5 (dhá chúigiú)
- 5/6 (cúig shéú)
- 4/7 (ceithre sheachtú)
- 5/8 (cúig ochtú)
- 7/9 (seacht naoú)
- 9/10 (naoi ndeichiú)
- 1/20 (fichiú):
- 1/29 ([an] fiche naoú cuid)
- 1/30 (tríochadú)
- 1/40 (daicheadú)
- 1/50 (caogadú)
- 1/60 (seascadú)
- 1/70 (seachtódú)
- 1/80 (ochtódú)
- 1/90 (nóchadú)
- 1/99 ([an] nócha naoú cuid)
- 1/100 (céadú)
- 1/1,000 (míliú)
- 1/1,000,000 (milliúnú)
- 1 1/2 (a haon go leith)
- 2 1/2 Kg (dhá chileagram go leith)
I gcás codán níos casta is gnách, i gcúrsaí uimhríochta, iad a léamh mar seo:
- 1/11 a haon ar a haon déag [de thonna]
- 23/24 fiche a trí ar fiche a ceathair [den chostas]
- 82/340 ochtó a dó ar thrí chéad is daichead [den bhrabús].
Ach más mian iad a scríobh amach go foirmiúil is mar seo a dhéantar é:
- 1/11 aondéagú
- 7/11 seacht n-aondéagú
- 1/12 dódhéagú
- 10/12 deich ndódhéagú
- 11/12 a haon déag de dhódhéaguithe
- 18/19 a hocht déag de naoidéaguithe
- 17/20 a seacht déag de fichithe
- 3/24 trí fiche ceathrú cuid
- 23/29 fiche a trí de fiche naoithe
- 13/30 a trí déag de thríochaduithe
- 61/66 seasca a haon de sheasca séithe
- 32/81 tríocha a dó d'ochtó aonuithe
- 74/83 seachtó a ceathair d'ochtó tríthe
- 81/84 ochtó a haon d'ochtó ceathruithe
- 83/92 ochtó a trí de nócha dóithe
- 87/97 ochtó a seacht de nócha seachtuithe
- 137/245 céad tríocha a seacht de dhá chéad daichead cúigithe
- 13/300 a trí déag de thrí chéaduithe
- 1,000,103/3,000,008
- milliún, céad a trí de thrí mhilliún ochtuithe.