13.4
An Aidiacht Shealbhach
Is iad seo a leanas na haidiachtaí sealbhacha mar aon leis na hathruithe tosaigh
a dhéantar ar an bhfocal a leanann iad:
- 1 u. mo, (m' roimh ghuta nó roimh fh + guta). Séimhítear.
- 2 u. do, (d' roimh ghuta nó roimh fh + guta). Séimhítear.
- 3 u.f. a Séimhítear.
- 3 u.b. a Cuirtear h roimh ghuta.
- 1 iol. ár Uraítear.
- 2 iol. bhur Uraítear.
- 3 iol. a Uraítear.
- Samplaí:
- mo chos
- m'úll
- do bhróg
- d'ubh
- a bhríste
- a aiséirí
- a gúna
- a hál
- ár mbád
- ár n-arán
- bhur dteach
- bhur n-athair
- a gcairde
- a n-athair.
Má chuirtear an uimhir
dhá
isteach idir an aidiacht shealbhach agus a ainmfhocal fanann an t-athrú tosaigh
mar a bhí:
- a dhá gúna (hordóg)
- ár (bhur, a) dhá mbád (n-ordóg).
Tabhair faoi deara na foirmeacha seo
- do m'athair
- do d'athair
- mo fhreagra
- do fhlaigín.