An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.9

Úsáidtear an aidiacht shealbhach go comhaisnéiseach leis an ainmfhocal a leanann
í in abairtí den sórt seo a leanas:
- chuir sé ina bpéirí iad
- bhunaigh siad iad féin ina gcoiste
- roinn an t-airgead ina dhá chuid
- tá an t-uisce ag imeacht ina ghal
- tháinig siad ina mbeirteanna
- (ina dtriúir is ina dtriúir, etc.)
- chuaigh siad a dtriúr ann
- tabhair dúinn ár mbeirt é.