An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.14

Comhréir An Fhorainmnigh

An Forainmneach mar Ainmní nó mar Chuspóir

Foirm tháite den bhriathar a léiríonn an t-ainmní má tá foirm oiriúnach ann:
- téimis abhaile
- suigh
- d'éireoidís.

I ngach cás eile úsáidtear an forainm pearsanta mar ainmní:
- tiocfaidh sé
- tá siad ann
- is bó í
agus is é amháin a úsáidtear mar chuspóir:
- d'fheicfeadh an bhean sinn
- buaileadh é.

Is minic nach n-athluaitear an forainmneach in abairtí mar:
- dúirt mé leis éirí, agus d'éirigh [sé],
- ná i bhfreagraí:
- An ndéanfaidh tú é? Déanfaidh [mé].
- An rachaidh sibh? Rachaidh (rachaimid) cinnte.