13.30
Uatha firinscneach an fhorainm réamhfhoclaigh a úsáidtear ar lorg
- cá,
- cad,
- céard,
- cé de ghnáth:
- cá (cad, céard) leis a mbuaileann na hiománaithe an sliotar?
- cé leis ar pósadh an dá dheartháir?
Ach is é an t-iolra a úsáidtear i gcás an tabharthaigh rannaíoch:
- cé acu a rinne é
agus i gcás an fhocail eatarthu:
- cé eatarthu a bhfuil sé?