13.33
Treisiú Ar An bhForainmneach
Tá trí bhealach thábhachtacha ann chun forainm pearsanta a threisiú cibé acu ina
sheasamh ann féin nó istigh i bhforainmneach éigin eile dó:
- an iarmhír threise
a úsáid
- an forainm aisbhreathnaitheach
- féin
a úsáid i gcomhaisnéis leis an bhforainmneach
- an forainm taispeántach,
- seo,
- sin,
- siúd
a úsáid i gcomhaisnéis leis an bhforainmneach.
De ghrá na simplíochta tugtar treisfhocail ar an dá shórt forainm treise, agus
ar na hiarmhíreanna treise.
Tá a bhrí speisialta féin ag gach ceann de na trí shaghas.