13.35
Ní úsáidtear an iarmhír threise de ghnáth ach i gcás daoine.
Tá iarmhír ar leith ann le haghaidh gach pearsa agus uimhir den fhorainmneach,
agus le haghaidh gach inscne den tríú pearsa uatha.
Más aidiacht shealbhach atá le treisiú, naisctear an iarmhír le foirceann an
ainmfhocail atá an aidiacht shealbhach a cháiliú, nó leis an gceann deireanach
de cháilitheoirí eile an ainmfhocail sin más ann dóibh.
Más forainm réamhfhoclach nó forainm pearsanta iolra nó foirm tháite de
bhriathar atá le treisiú, naisctear an iarmhír lena fhoirceann.
Más forainm pearsanta uatha atá le treisiú tá foirm threise ar leith ann chuige.