An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

13.38

Maidir leis na foirmeacha treise ní mór a thuiscint:
- nach gcuirtear aon bhéim ghutha ar an aidiacht shealbhach
- gur ar an eilimint den fhorainmneach is forainm (agus nach ar an eilimint is
réamhfhocal nó briathar) atá an treisiú:
- romhainne,
- chuireamarna
- nach gcuirtear aon bhéim ghutha ar na hiarmhíreanna féin:
- acusan,
- a mhacsan,
- rithfidís-sean,
- iadsan,
- annsan,
- dósan.

Do bhrí na cainte a thagraíonn "treisiú" san alt seo.

Do neart an ghlóir a thagraíonn "béim ghutha".