13.40
Má thagraíonn dhá fhorainmneach don rud céanna i gcomhthéacs agus go bhfuil
treisfhocal ag gabháil leis an gcéad cheann ní gnách treisfhocal a chur leis an
dara ceann:
- dá dtiocfaidís féin agus an t-airgead a bheith leo
- suighse síos agus fan ciúin
- tá mo pheannsa caillte agam ach tá mo pheann luaidhe liom
- tabhair toirtín di sin agus lig di imeacht.
- Tarlaíonn sin go rímhinic i gceist agus freagra:
- Peadar: An é féin a rinne iad? Pól: Is é.
- Siobhán: Cad a dhéanfása? Sinéad: D'éireoinn.
- Gearalt: An tusa Gearóid? Gearóid: Is mé.
- Cáit: An é sin é? Caitlín: Ní hé.
Ach má tá rogha le déanamh idir dhá rud, b'fhéidir go mbeadh an dara treisfhocal
riachtanach:
- Peadar: Cé acu tusa nó Seán a bhí ann? Pól: Mise.
- Siobhán: Cé agaibh is sine tú féin nó Síle? Sinéad: Mé féin.
- Gearalt: An libhse nó leosan é? Gearóid: Is linne.
- Cáit: Cé agaibh a rachaidh, sibhse nó iadsan? Caitlín: Rachaimidne.
- Diarmaid: Cé acu é seo nó é sin a bhris iad? Dónall: É sin.