13.42
Féin Ina Threisfhocal
Úsáidtear an forainm aisbhreathnaitheach
féin
mar threisfhocal i gcomhaisnéis le forainmneach agus uaireanta le hainmfhocal
nuair a thagraíonn an focal sin do rud éigin a bhí i gceist roimhe sa
chomhthéacs.
Sin an chúis a ndeirtear go bhfuil sé aisbhreathnaitheach.
Bíonn béim láidir ghutha ar an bhfocal féin.
Sna cásanna is simplí bíonn
féin
agus a chomhfhorainmneach agus a dtéarma san abairt chéanna:
- cóiríonn gach saighdiúir a leaba féin
(a
an forainmneach,
saighdiúir a théarma
agus féin).
Is minic an téarma in abairt eile:
- Peadar: Cá bhfuil rásúr Sheáin? Pól: Tá sé aige féin.
- Siobhán: Cén leabhar atá ag Síle? Sinéad: A leabhar féin.
Nó d'fhéadfadh an tagairt bheith do dhuine atá i ndiaidh labhairt:
- Peadar: Dún an doras le do thoil, a Phóil. Pól: Dún féin é.
- Siobhán: Tabhair dom milseán, a Shíle, mas é do thoil é.
- Sinéad: Ná tabhair, a Shíle. Tá go leor aici féin.
Nó d'fhéadfadh
féin
tagairt do dhuine éigin atá tar éis é féin a chur in iúl ar shlí éigin eile
seachas labhairt -- trí fhothram a dhéanamh, cuir i gcás:
- Buaileadh cnag ar an doras. "Cé thú féin?" arsa mise de ghlór ard.
Agus is le mórtas do dhuine, uaireanta, a déarfaí:
- An tú féin atá ann, a Sheáin?