13.89
Níl aon fhorainm sealbhach sa Ghaeilge.
Seo na leaganacha a úsáidtear thar a cheann
- aidiacht shealbhach (agus í á treisiú ag iarmhír nó ag an bhfocal féin)
- + ceann (ag seasamh d'ainm coitianta uatha) nó cuid (13.8):
- cá bhfuil do cheannsa (peann, leabhar, etc.)?
- seo é do chuidse (toitíní, siúcra)
- tá ciall dá cuid féin ag Bríd.
Déantar talamh slán de go bhfuil úinéireacht ag duine ar rud[aí] éigin,
agus is é a bhíonn i gceist de ghnáth an rud (na rudaí) sin a aithint.
an chopail + liom (leat, etc. treisithe nó gan treisiú de réir an chomhthéacs) + ainmní:
- is liomsa é sin
- an leat é seo freisin?
Is é atá i gceist sa chás thuas an úinéireacht a aithint.