14.4
Aimsirí
Tá fo-ghrúpaí foirmeacha ag cuid de na modhanna ar a dtugtar aimsirí.
Is é rud é aimsir foirm bhriathartha nó grúpa d'fhoirmeacha briathartha a
léiríonn am ar leith.
Tá trí shórt ama i gceist,
- am láithreach,
- am caite
- agus
- am fáistineach.
Is gnách go gciallaíonn:
- am láithreach: an pointe ama a ndeirtear an abairt
- am caite pointe: ama roimhe sin
- am fáistineach: pointe ama ina dhiaidh.
Níl na fo-ghrúpaí aimsire seo ach ag
- an táscach
- agus ag
- an bhfoshuiteach