14.17
An Fhoirm Choibhneasta (Dhearfach Dhíreach)
Is foirm í seo a úsáidtear i bhfochlásail dhearfacha áirithe (32.8).
I gcás fhormhór mór na mbriathra is ionann an fhoirm seo agus an fhoirm scartha
neamhspleách ach í a bheith séimhithe taobh amuigh den saorbhriathar táscach
caite.
Is iondúil freisin go dtagann an mhír choibhneasta dhearfach dhíreach
a
roimpi:
- an rud a chreideann tú.