An Dolachán Feasa

← Siar
Ar aghaidh →

1

Alt

14.24
An Réimniú
Nuair a chuirtear foirmeacha éagsúla an bhriathair in ord
de réir
- modha,
- aimsire,
- uimhreach
agus
- pearsan,
táthar ag réimniú an bhriathair.

Roinntear na briathra rialta ina dhá n-aicme mhóra
de réir fhoirm an tríú pearsa den fháistineach.

Más

-f(a)idh

is críoch don fhoirm
deirtear go bhfuil an briathar sa chéad réimniú.

Más

-eoidh



-óidh

is críoch di tá sé sa dara réimniú.