14.35
Déantar coimriú (14.28) in infhilleadh na mbriathra
- deighil,
- feighil,
- saighid,
- taighid.
Réimnítear na briathra sin agus an briathar fuirsigh mar a dhéanfaí dá mba
- deighl,
- feighl,
- saighd,
- taighd,
- fuirs
ba fhréamh dóibh,
ach amháin gurb ionann críoch d'fhoirm scartha an táscaigh chaite agus don
fhréamh:
- deighleann siad
- d'fheighil sí
- shaighdfidís
- taighdim
- ag fuirseadh.