14.43
Aicme 8 Briathra ó fhréamhacha aonsiollacha dar críoch
-igh
ar lorg consain nó ar lorg guta ghairid atá ar lorg consain.
Tá f agus t caol sna foircinn, agus tá guta gairid roimh t agus gh.
Briathar samplach
guigh
m.o. guím, guigh, -odh, -mis, -gí, -dís
t.l. guím, -onn, -mid, guitear
t.c. ghuigh, ghuíomar, guíodh
t.g.c. ghuínn, ghuiteá, -odh, -mis, -dís, ghuití
t.f. guífidh, -fimid, -fear
m.c. ghuífinn, -feá, -feadh, -fimis, -fidís, -fí
f.l. guí, guímid, guitear
ainm br. guí, gin. guite
aid. bhr. guite.